| Tá an
Stiúideo suite
i Ghaeltacht Chonamara gar don Aigéan Atlantach. Is cuma
cén áit a mbíonn tú sa taobh seo
tíre,
tá sléibhte Na Beanna Beola le feicáil.
Is ainm feiliúnach é seo do na sléibhte,
mar ar nós mná a bhíonns go síorraí ag
athrú a gcuid éadach agus dúdhath a mbaitín
béil, comh sciopaí chéanna, aithríonn
sléibhte Na Beanna Beola uaidh dúdhath amháin
go cheann eile, san aon lá amháin.
Is é an t-ainm Duach, mo litrú fhéin
ar an focal Dumhach.An dumhach atá I géist
agamsa, tá sé cúig nóiméad
síos an bóthair ón stiúideo. Is áit é a
théim go minic,
chun inanálú a tharraingt le haghaidh seodra
agus dealbhóireacht. Mar sin, tar
isteach breathní timpeall agus tá súil
agam go mbainnfídh tú taitneamh as do chúirt.
Beidh a fhios ag muintir na gaeltachta
faoin amhrán
atá a casadh anseo . Dóibh siúd nach bhfuil
a fhios acu ,seo é an scéal . Idir céad
caoga agus dhá céad blian o shin bhí Mháire
Ní Chlochartaigh ag fáil bháis . Bhí sí ina
cónaí i Leitir Caladh i gConamara ach bhí sí ag
iarraidh a bheith curadh i Muighinis, an áit a raibh
a muintir.
Amhrán Mháire Ní Chlochartaigh
( Amhrán
Mhuighinse )
Ón gceirnín
Bruach na Beirtrí
Le Seán Mac Donnadha.( Johnny
Mháirtín Learaí )
1
Dá mbeinn trí léig
I bharraige nó sléibhte bhfad ó thír
‘S
gan aon neach beo a bheith in aici liom ach an t-aiteann ghlas ‘s
an fraoch
An sneachta bheith gá shéideadh
thuas o dheas agus an ghaoth gá bhfuadach dhiom
Ach
mé bheidh comhrá le mo Taimín
Bán ‘s níorbh fhada liomsa an oíche.
2
‘ S a Mhuire dhílis
céard a dhéanfas mé tá’n
Geimhridh seo ‘tíocht fuar ?
‘S Mhuire dhílis
céard
a dhéanfas an teach seo ‘s nga ‘ bhfuil
ann ?
Nach é an trua anois mé bheith
ag scárúint libh ar thíocht na h-uaire
breá
Le linn gon chuach a bheith ag seinm ceol ‘s
na duilliúr glasa ag fás.
3
‘S bíodh mo chónra déanta
agaibh as fíor –scoth gheal na gclár
‘S
má tá Seán Ó hEigheann
I Muighinis bíodh sí déanta óna
dhá láimh
Bíodh mo cháipín ‘s
mo ribín inti istigh ‘s iad ró-dheas ar
mo cheann
Agus triúr bhean óg ó shliabh
isteach le mé chaoineadh os chionn chláir.
4
‘S má bhíonn mo chlann
sa mbaile agam an oíche a gheohfaidh mé bás
‘S
nach dtórramhaidh siad go
fiúntach mé trí oíche ‘gus
trí lá
Le píopaí fada cailce ‘s
na ceaigeannaí ‘s
iad lán
‘S tabharfaidh Páidín Mór
go Muighinis mé más garbh a bheith’s an
lá.
5
‘S dul siar le Inse Ghainimh dhúinn
beidh an bratach ina chrann
‘S ná cuirig’ I
Leitir Caladh mé mar ní ann atá mo dhream
Ach tugaig’ siar go Muighinis mé san áit
a gcaoinfear mé go hard
‘S beidh soilsí ar
na dumhannaí ‘s
ní bheith uaigneas orm ann.
Is féidir an CD Contae Mhuigheo a cheannach uaidh
Johnny. Níl Amhrán Mhuighinis ar seo ach amhrání eile
,ina deannta Contae Mhuigheo , chas Johanny é seo ar
Ros na Rún .
Seoladh Johanny :
Seán Mac Donnchadha,
Leitir Árd,
Caiseal,
Conamara,
Co. na Gaillimhe,
Éire .
Is mise le meas,
|